Tá Context sa tóir ar aistritheoirí Gaeilge, idir chinn pháirtaimseartha agus chinn lánaimseartha, i láthair na huaire.
Is ré órga í seo don Ghaeilge san am i láthair le teacht isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus le glacadh na Gaeilge san Aontas Eorpach mar theanga oifigiúil an 1 Eanáir 2007. Mar thoradh ar an dá éacht mhóra seo, tá gá le haistriúcháin ardchaighdeáin Ghaeilge a chur ar fáil, agus déanann Context cinnte de go bhfreastalaítear ar an riachtanas seo.
Creideann Context i nGaeilge shaibhir nádúrtha a chur ar fáil dá gcliaint, agus le seo a bhaint amach ní phléann siad ach le scoth na n-aistritheoirí Gaeilge dá bhfuil ann.
Ní mór go gcomhlíonfadh na hiarratasóirí na riachtanais seo a leanas:
- Sárchumas Gaeilge agus Béarla, idir scríobh agus caint
- Taithí dhá bhliain ar a laghad i réimse an aistriúcháin
- Cáilíocht tríú leibhéal/séala Fhoras na Gaeilge
- Scileanna ríomhaireachta
- Cur amach ar Trados
- Taithí ar léamh profaí ina buntáiste
- Cumasach ag oibriú as do stuaim féin agus le foireann aistritheoirí
Más spéis leat oibriú linn agus má shíleann tú go gcomhlíonann tú na riachtanais thuas, seol chugainn do CV mar aon le litir chlúdaigh agus aistriúchán samplach ag linguist@context.ie.